Artwork

Контент предоставлен Conn O Muineachain. Весь контент подкастов, включая эпизоды, графику и описания подкастов, загружается и предоставляется непосредственно компанией Conn O Muineachain или ее партнером по платформе подкастов. Если вы считаете, что кто-то использует вашу работу, защищенную авторским правом, без вашего разрешения, вы можете выполнить процедуру, описанную здесь https://ru.player.fm/legal.
Player FM - приложение для подкастов
Работайте офлайн с приложением Player FM !

CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG

12:16
 
Поделиться
 
Manage episode 186598278 series 1227157
Контент предоставлен Conn O Muineachain. Весь контент подкастов, включая эпизоды, графику и описания подкастов, загружается и предоставляется непосредственно компанией Conn O Muineachain или ее партнером по платформе подкастов. Если вы считаете, что кто-то использует вашу работу, защищенную авторским правом, без вашего разрешения, вы можете выполнить процедуру, описанную здесь https://ru.player.fm/legal.

Síne Nic an Ailí & Cillian de Búrca, láithreoirí Rí-Rá ar RnaGDéanfar seoladh eisiach anocht ar an dlúthdhiosca nua pop-cheoil i nGaeilge: Ceol #10, ar an gclár Rí-Rá ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir a 9 agus a 10 a chlog.

Tá Raidio Rí-Rá ar fáil go forleathan ar an idirlíon ar rrr.ie, agus ar an gcóras digiteach DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge. Faoi láthair tá comhchraoladh ar siúl ar bhonn trialach ina gcraoltar uair a chloig ón gcairtstáisiún ar sheirbhís náisiúnta RTÉ Raidio na Gaeltachta ar 92–94 MHz FM, ó 9-10pm, Máirt go hAoine.

Bíonn an clár sin, Rí-Rá ar RnaG, á chur i láthair ag Cillian de Búrca agus Síne Nic an Ailí, agus labhair Síne linn ar phodchraoladh an lae inniu (12:16; 7MB; MP3).

CEOL10_2014Maidir leis an albam Ceol #10 le Raidió Rí-Rá, is comhthogra idir Conradh na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá le tacaíocht ó COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) é albam ar leith na bliana seo, ag tógáil ar thraidisiún Sheachtain na Gaeilge ó 2005 chun albam de cheol reatha as Gaeilge a eisiúint mar chuid den fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge gach bliain.

Tá 14 amhrán as Gaeilge ar an albam Ceol #10 Le Raidió Rí-Rá agus seinnfear gach ceann acu ar an gclár speisialta de Rí-Rá Ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 9.00 – 10.00in anocht. Áirítear leaganacha Gaeilge de chuid de na singlí nua-eisithe ag Seo Linn, The Shoos, Senakah agus buaiteoirí an chomórtais BEO Ireland Apollo Six ar an albam Ceol #10 Le Raidió Rí-Rá, mar aon leis na hamhráin is mó tóir orthu ó na halbaim Ceol agus Rí-Rá roimhe seo ó cheoltóirí móra Éireannacha ar nós The Coronas, The Riptide Movement, Republic of Loose, Bell X1, Delorentos, Kíla, Heathers, Ham Sandwich, Traic agus The Swell Season le leagan Gaeilge den amhrán a bhain Oscar sa bhliain 2008, Falling Slowly.

Is féidir cóip den albam Ceol #10 Le Raidió a ordú ón gcairtstáisiún in aisce ach sonraí teagmhála a sheoladh chuig eolas@rrr.ie.

Podchraoladh i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. Tá margaí maithe ar ainmneacha fearainn ar fáil ag an suíomh domainoffers.me.

Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.

Related articles

CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology

  continue reading

7 эпизодов

Artwork
iconПоделиться
 
Все серии

×
 
Loading …

Добро пожаловать в Player FM!

Player FM сканирует Интернет в поисках высококачественных подкастов, чтобы вы могли наслаждаться ими прямо сейчас. Это лучшее приложение для подкастов, которое работает на Android, iPhone и веб-странице. Зарегистрируйтесь, чтобы синхронизировать подписки на разных устройствах.

Краткое руководство